Trá Pháidín

Trá Pháidín

Enthusiastic Eunuch Presents

Trá Pháidín

le tacíoocht tbc

The Button Factory

Dé Domhnaigh 6 Nollaig (06/12/26)

Oscailte 8pm

Ticéidí €15 (mochóirí) / €20 le fáil trí https://billetto.ie/e/tra-phaidin-tickets-1967975

Is buíon de cheoltóirí é Trá Pháidín a bhfuil a bhaile, anam agus meabhair scaipthí idir Conamara Theas, Cathair Chorcaí, Uíbh Fhailí, Sligeach, Port Láirge ó 2019. Ag tarraingt uaidhe thobar an cheoil traidisiúnta, an jazz, folk agus ar pé tionchar eile a mbeadh cuma mhaith air sna cur síos, ach a n-uathúlacht féin á chaomhnú acu atá i bhfad ó aon fios ar an saol thart orthu ná iad fhéin. Is socra fós a gcur chuige chun úrcheol Gaelach a cruthú atá níos fairsinge ná an “conas atá tú?”.

https://youtu.be/Sxn-v7nytiE?is=pH0aXvuThEEtJ3Kr

Le Cloch ‘s Claí, a gcéad cheirnín leis an lipéid Sasanach World of Echo, déantar fiosrúcháin ar na críocha is aineola fós dóibh. Bunaithe ar seanchas claíochaí bána, tugann an t-albam seo léargas aorach ar an ngaol idir Éireann, a teanga dúchais agus an Ghaeltacht. 10 rian atá uirthi, chuile ceann acu ina ionadaí ar chloch mheafarach, baineann Cloch ‘s Claí feidhm as gnéithe den tobchumadh atá i gceol tradisiúnta na hÉireann, ar nós, an t-ornáideachas, an tionlacan agus focla smartáilte eile a bhfuil breis is trí shiolla iontu. Leis sin, bíonn chuile babhta tógála ar chlaí éagsúil óna chéile mar aon le chuile cur i láthair beo - léiriú é an taifead seo ar chur i láthair amháin acu sin. Agus é spreagtha ag An Béal Bocht ó pheann Mhyles na gCopaleen, cuimsíonn an claí seo téama áiread atá scapthí thar thírdhreach agus aigne na Gaeltachta - cur i gcéill, tithíocht, polatíocht na bpiardaí, chéirtleáine agus a thuilleadh den raic céanna atá le cloisteáil chuile lá ar an raidió. Toradh na tógala seo ná ceol a bhfuil blas de rejunal shtyles in tradishunal muzik, de carraig na Krauts, den snagcheol saor in aisce, den iar-rac, den chrónán agus den íostachas ann, ar bhealach atá nádúrtha, sreabhach agus lán le haimhreas múinte ó Iarthar na hÉireann.

Ar Cloch ‘s Claí agus i dTrá Pháidín tá: Conal Ó hAinmhuighe, Ultan Ó Labhradha, Peadar-Tom Mercier, Micheál Fitzgerald, Pól Ó Lionáird, Ruairí de Búrca. Beidh Cloch ‘s Claí á eisiúint go digiteach agus mar eagrán teoranta LP ar an 25ú lá de mhí Meán Fómhair trí World of Echo. Tá an saothar seo cruthaithe againn le tacaíocht na Dámhachtana Taifeadta DEIS & le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta