Díchoilíniú ón taobh istigh amuigh / Decolonisation from the inside out

Díchoilíniú ón taobh istigh amuigh / Decolonisation from the inside out

Díchoilíniú ón taobh istigh amuigh: ag tógáil phobail radacacha Ghaeilge sa phríosún agus níos faide anonn.

Tá an-áthas orainn an t-imeacht poiblí speisialta seo a fhógairt, atá ar siúl ar an 23 Iúil ag 5:30pm mar chuid d’Anam an Phobail, ár Scoil Samhraidh FSAS. Tá eagrán na bliana seo – coimeádaithe ag an ealaíontóir Paddy Critchley – dírithe ar: “dáimh an phobail a athspreagadh” agus ansin cur in éadan an éadóchais, a bhaineann le cur i gcrích na saoirse. Beidh an gníomhaí pobail Feargal Mac Ionnrachtaigh (Glór na Móna, Béal Feirste), an scannánóir agus an t-iar-phríosúnach Deaglán Ó Mocháin (Doire), agus an taighdeoir agus gníomhaí Róisín Nic Liam i gcuideachta a chéile don imeacht seo. Pléifidh siad pobail na Gaeilge i measc príosúnach polaitiúil sna Blocanna H, agus an chaoi ar chuir a gcuid oibre dlús ar, agus mar a mhéadaigh sé athbheochan na teanga ar fud an tuaiscirt, i ndiaidh a scaoilte ón phríosún, idir Ghaelscoileanna agus ghníomhaíocht na Gaeilge, chomh maith le smaointeoireacht nua a spreagadh maidir le próisis dhíchoilínithe de réir mar a mhéadaíonn pobal na Gaeilge i líonmhaireacht agus i gcumhacht.

Beidh an t-imeacht seo i nGaeilge le haistriúchán comhuaineach. Má tá aistriúchán uait, íoslódáil Telegram ar do ghuthán le do thoil agus tabhair leat cluasáin chun rochtain a fháil ar na haistriúcháin.

Tá an ócáid ​​seo saor in aisce ach tá áirithint riachtanach. Cuir d’áit in áirithe anseo.

Decolonisation from the inside out: building radical Irish language communities in prison and beyond

We are delighted to announce this special public event taking place on 23 July at 5:30pm as part of Anam an Phobail, our FSAS Summer School. This year’s edition – curated by artist Paddy Critchley – focuses on hope: on “reanimating the bonds of community” and counteracting despair, in the pursuit of liberation. For this event, we’ll be joined by community activist Feargal Mac Ionnrachtaigh (Glor na Móna, Belfast); filmmaker and former prisoner Deaglán Ó Mocháin (Derry), and researcher and activist Róisín Nic Liam. Their discussion will consider Irish language communities among political prisoners inside the H-Blocks, and how their work after release augmented and accelerated the language revival across the north, both in terms of Gaelscoileanna and Irish language activism, as well as encouraging new thinking about decolonisation processes as the Irish language community expands in numbers and influence.

This event will be in Irish with simultaneous translation. If you require translation, please download Telegram to your phone and bring headphones/earbuds to access the translations.

This event is free but booking is essential. Book your place here.

in 8 days
Fire Station Artists' Studios
9-12 Buckingham Street Lower, Dublin 1, D01 R6P3
https://flypost.ie/event/dichoiliniu-on-taobh-istigh-amuigh-decolonisation-from-the-inside-out